Guide - Quattro Stagioni

Treoir chrúscaí Quattro Stagioni chun subha a dhéanamh

Tá sé éasca, sláintiúil agus taitneamhach subha a dhéanamh.

Is féidir leat rud éigin uathúil a chumadh, triail a bhaint as agus é a chruthú gan leasaithigh agus breiseáin a úsáid.

Lean na treoracha simplí atá againn agus an chomhairle agus an t-am atá léirithe chun d’oideas a ullmhú: beidh tú ábalta subha a dhéanamh as réimse leathan bianna agus é sin a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán sábháilte agus is féidir leat a bheith cinnte go mbeidh dea-thoradh ar do chuid ullmhóidí.Tá crúscaí agus claibíní Quattro Stagioni thar a bheith oiriúnach chun do chuid oideas a stóráil, agus iad go léir déanta 100% san Iodáil.

I dteannta a chéile is féidir linn na nithe seo a leanas a fheiceáil:

  • Na céimeanna ar fad a bhaineann le folúsleasú a dhéanamh i gceart
    1. Sula dtosaíonn tú ar shubha a dhéanamh
    2. Rogha na gcomhábhar
    3. Na crúscaí agus na claibíní a sheiceáil agus a ghlanadh
    4. Conas na crúscaí a líonadh
    5. Conas an folús a chruthú:paistéaradh
    6. Scrúdú agus leasú
  • Treoir maidir leis na siombailí a thaispeántar ar na pacáistí

 

Na céimeanna ar fad a bhaineann le folúsleasú a dhéanamh i gceart

1) Cuir eolas ar na bunrialacha sula dtosaíonn tú ar shubha a dhéanamh

Seo iad na bhunrialacha nach mór a leanúint sula dtosaíonn tú ar do chuid subh a dhéanamh le crúscaí agus le buidéil Quattro Stagioni:

  • Ní chóir na claibíní a úsáid ach uair amháin chun an folús a chruthú i gceart.
  • Ba chóir na crúscaí a dhúnadh gan an iomarca fórsa a chur orthu: má bhíonn an claibín ródhocht, ní bheidh an t-aer sa chrúsca in ann éalú agus beidh an folús lochtach.
  • Ní gá duit na crúscaí a steiriliú sula n-úsáideann tú iad. Nuair a chuireann tú bia nó deoch sna crúscaí nó sna buidéil, bí cinnte nach bhfuil sé ró-the ná ró-fhuar i gcomparáid le teocht an chrúsca, nó d’fhéadfadh an crúsca briseadh (an t-uasmhéid difríochta sa teocht: 42° C).
  • Ní féidir paistéaradh a dhéanamh i ngnáthoigheann ná in oigheann micreathonnach.
  • Níl na crúscaí 15 cl nó 20 cl oiriúnach chun táirgí alcólacha a leasú agus ní mór iad a úsáid ag teochtaí cuisniúcháin chun bainne agus táirgí déiríochta a leasú.
  • Ní mór na crúscaí 4 cl agus 8 cl a fiuchadh ar feadh thart ar 10 nóiméad chun folús a chruthú i gceart, agus níl siad oiriúnach chun táirgí atá 100% saille, táirgí ina bhfuil alcól, ná táirgí bainnebhunaithe a choinneáil.
  • Níl na crúscaí 2 l, 3 l nó 3.8 l oiriúnach don phaistéaradh. Tá siad oiriúnach do gach ullmhúchán nach dteastaíonn fiuchadh uathu.
  • Níl ach na crúscaí sorcóireacha 20 cl agus 32 cl, na crúscaí 4 cl agus 8 cl, agus an crúsca cruachta 27.5 cl oiriúnach lena n-úsáid sa reoiteoir.
  • Teorainneacha maidir le leasú in alcól: ceadaíonn rialacháin an Comhphobal Eorpach leasú le huasmhéid 50% alcóil de réir toirte; ceadaíonn rialacháin na Stát Aontaithe ullmhúcháin le huasmhéid 3% alcóil de réir toirte.
  • Ní mór bia a leasú go cúramach chun rioscaí don tsláinte, cosúil le botalas, a sheachaint.
  • Ar an gcúis seo, molaimid na treoirlínte maidir le hullmhú ceart na mbianna leasaithe a d’fhoilsigh an Aireacht Sláinte a léamh.
  • Chun an fheidhmíocht is fearr a bhaint amach agus chun leasú ceart a chinntiú, moltar gan ach cláir bhunaidh Quattro Stagioni a úsáid, atá deartha agus tástáilte go speisialta don táirge seo 2) Rogha na gcomhábhar

Ba chóir go mbeadh na torthaí agus na glasraí, arbh fhearr gur cinn orgánacha iad, úr agus iad ag an staid aibíochta ceart (gan a bheith ró-aibí ná ró-neamhaibí).

Nigh go han-chúramach i gcónaí iad.Cuir do chuid comhábhar isteach in uisce ina bhfuil sú líomóide chun nach dtiocfaidh dath donn orthu ó bheith i dteagmháil leis an aer agus chun an baol ó éilliú baictéarach a laghdú.

Chun glasraí a leasú ar bhealach sábháilte, ba chóir duit iad a bhruith in uisce goirt ina bhfuil fínéagar mar scriosfaidh sé sin formhór na mbaictéar a bhíonn ar ghlasraí go nádúrtha.

3) Na crúscaí agus na claibíní a sheiceáil agus a ghlanadh

Seiceáil i gcónaí nach bhfuil ciumhaiseanna na gcrúscaí scealptha sula n-úsáideann tú iad, mar má tá, ní féidir iad a úsáid.Nigh na crúscaí le huisce te agus déan iad a bhruith sula n-úsáideann tú iad lena chinntiú go scriostar aon bhaictéir atá orthu.

  • Cuir isteach  iad i sáspan le tóin tiubh agus béal an chrúsca iompaithe suas
  • Cuir éadach soithí ar íochtar an tsáspain agus cuir éadach soithí timpeall ar gach crúsca chun iad a chosc ó bhualadh in aghaidh a chéile agus briseadh le linn na cócarála
  • Clúdaigh go hiomlán le huisce te iad agus cuir an t-uisce ar fiuchadh.
  • Bruith na crúscaí ar feadh 10 nóiméad ar a laghad.

Nigh na claibíní de láimh le huisce te nach bhfuil glantach ann. Ná nítear na claibíní i miasniteoir agus ná cuirtear iad ar bhruith sula n-úsáidtear iad.NB: D’fhéadfaí crúscaí gloine a athúsáid, ach ba chóir, mar sin féin, na claibíní a athrú i gcás gach úsáid nua lena chinntiú go bhfanfaidh an séala inmheánach atá go hiomlán slán aerdhíonach.

4) Conas crúscaí Quattro Stagioni a líonadh

  • Líon na crúscaí le d’ullmhóid (suas le 2 cm ón mbarr, 1cm i gcás crúscaí a bhfuil toilleadh 20 cl nó níos lú iontu).
  • Má tá comhábhair mhionghearrtha nó iomlána á gcur sna crúscaí agat, déan iad a chur isteach gan iad a bhrú síos chun na bearnaí a laghdú agus ansin clúdaigh go hiomlán iad leis an leacht leasaithe is rogha leat.
  • Má tá aon bholgáin aeir ann, lig amach iad agus an ullmhóid á bhrú síos go héadrom le spúnóg agat.
  • Sula ndúnann tú crúscaí Quattro Stagioni, glan na ciumhaiseanna go cúramach arís, ionas go dtéann an claibín go docht ar an gcrúsca.

Tabhair ar aird: Fáisc an claibín gan an iomarca fórsa a chur air! Go deimhin, má bhíonn an claibín ródhocht, ní bheidh an t-aer sa chrúsca in ann éalú agus beidh an folús lochtach.

5) Conas an folús a chruthú: paistéaradh

Bealach chun bia a leasú ar feadh tréimhse níos faide is ea folúsleasú mar go scriostar na miocrorgánaigh sin a iomadaíonn san aer.Tá dhá bhealach ann inar féidir folús a chruthú, ag brath ar an gcineál ullmhóide;

– Bruith

  • Glan ciumhaiseanna chrúscaí Quattro Stagioni go lánchúramach agus dún iad agus an claibín á scriúáil ar an gcrúsca agat gan é a dhaingniú rómhór.
  • Cuir isteach i sáspan ar a bhfuil tóin tiubh iad agus béal an chrúsca iompaithe suas
  • Cuir éadach soithí ar íochtar an tsáspain agus cuir éadach soithí timpeall ar gach crúsca chun iad a chosc ó bhualadh in aghaidh a chéile agus ó bhriseadh le linn na cócarála
  • Clúdaigh go hiomlán le huisce te iad agus cuir an t-uisce ar fiuchadh.
  • A luaithe agus a bhíonn an t-uisce ag fiuchadh, dún an sáspan leis an gclúdach agus déan é a chócaráil ar feadh an ama atá léirithe san oideas. Ní mór go mbeadh crúscaí Quattro Stagioni clúdaithe le huisce an t-am ar fad, mar sin cuir isteach breis uisce chun an leibhéal tosaigh a choinneáil más gá. Ag deireadh an phróisis, lig do na crúscaí fuarú san uisce sa sáspan.
  • A luaithe a bhíonn na crúscaí fuaraithe, tóg amach iad agus tú i ngreim sa ghloine, láimhsigh le miotóga iad chun dó a sheachaint.

– Buidéalú te

Is féidir an teicníc sin a úsáid i gcomhair ullmhóidí a dtógann sé tamall fada iad a bhruith, amhail marmaláid nó subh (níl crúscaí Quattro Stagioni a bhfuil clár 56 mm ar trastomhas orthu agus a bhfuil toilleadh 20 cl nó níos lú acu oiriúnach don teicníc sin mar go bhfuil sé níos deacra an folús a chruthú mar gheall nach bhfuil mórán istigh iontu.Is maith an smaoineamh na crúscaí a réamhthéamh le huisce atá ar fiuchadh chun aon bhriseadh de bharr turraing theirmeach a sheachaint.

  • Líon crúscaí Quattro Stagioni leis an táirge atá ar fiuchadh go fóill agus fáisc na claibíní go réidh.
  • Iompaigh bun-ó-cionn láithreach iad
  • Ní mór go mbeadh na crúscaí bun-ós-cionn ar feadh 15 nóiméad ar a laghad. Ina dhiaidh sin is féidir leat iad a díriú suas i gceart agus iad a fhágáil in áit fhionnuar nó go bhfuaróidh siad.

NB: Chun briseadh a sheachaint, ná cuir na crúscaí teo ar dhromchla fuar (agus a mhalairt) agus ná cuir bia atá ró-the nó ró-fhuar isteach sna crúscaí. Molaimid go ndéanfá na crúscaí a láimhseáil agus miotóga á gcaitheamh agat chun dó nó scalladh a sheachaint.

6) Scrúdú agus leasú

Is féidir leat a sheiceáil go bhfuil an folús cruthaithe i gceart má fhéachann tú an bhfuil log tagtha sa chlaibín. Mura bhfuil, cuir an próiseas paistéartha i gcrích arís agus claibín nua á úsáid agat.Seiceáil go bhfuil an folús cruthaithe agus a luaithe agus atá na crúscaí fuaraithe, leag in áit fhionnuar thirim iad, áit nach bhfuil an ghrian ag soilsiú go díreach orthu (uasteocht: 23° C).

Ná bog an claibín agus ná cuir na crúscaí os cionn a chéile mar go bhféadfaí damáiste a dhéanamh don séala agus go sceithfeadh aer isteach agus go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar leasú an táirge.Cuir lipéad ar gach crúsca Quattro Stagioni a léiríonn an dáta agus a bhfuil ann.

Fan ar feadh seasca lá ar a laghad sula n-osclaíonn tú an crúsca agus sula mblaiseann tú an subh lena chinntiú go bhfuil an méid atá ann leasaithe i gceart.Sula n-osclaíonn tú an crúsca, ná dearmad an log sa chlaibín a sheiceáil, rud a thugann le fios duit go bhfuil folús sa mhéid atá istigh ann fós.

Más mar sin atá, cloisfidh tú an torann plobach a mbeifeá ag súil leis nuair a osclaíonn tú an claibín.A luaithe atá siad oscailte agat, coinnigh na crúscaí dúnta sa chuisneoir.

 

Treoir maidir leis na siombailí a bhaineann le ceartúsáid an táirge

Úsáidimid roinnt siombailí ar an bpacáistiú díolacháin agus ar ár suíomh gréasáin chun ceartúsáid an táirge a léiriú.  Tá treoir chuimsitheach curtha san áireamh againn thíos.

 

Nigh an táirge sula n-úsáideann tú é

 

Nigh an claibín de láimh gan ghlantach

 

Is féidir an crúsca a ní sa mhiasniteoir

 

Níor chóir an claibín a ghlanadh sa mhiasniteoir

 

Is féidir an crúsca a úsáid in oigheann micreathonnach ina bhfuil uasteocht 70°C- 158°F

 

Níl an claibín oiriúnach lena úsáid in oigheann micreathonnach


Oiriúnach le húsáid sa reoiteoir ag uasteocht de −20°C (−4°F).


Níl siad oiriúnach don phaistéaradh