Guide - Fido

Treoir chrúscaí Fido chun subha a dhéanamh

Tá sé éasca, sláintiúil agus taitneamhach subha a dhéanamh le Fido.

Mórán formáidí éagsúla i gcomhair crúsca a bhfuil dearadh seanré air, atá foirfe i gcomhair subh agus bia tirim, agus chun an teach a mhaisiú taobh istigh le hearraí beaga nó chun bronntanais “lámhdhéanta le grá” a thabhairt.

Séala agus cruth aerdhíonach atá praiticiúil agus sábháilte, agus iad Ceartdéanta san Iodáil.Lean na treoracha simplí atá againn agus lean an chomhairle agus an t-am atá léirithe chun d’oideas a ullmhú: Beidh tú ábalta subha a dhéanamh as réimse leathan bianna agus é sin a dhéanamh ar bhealach atá go hiomlán sábháilte agus d’fhéadfá a bheith cinnte go mbeidh dea-thoradh ar do chuid ullmhóidí.

I dteannta a chéile beidh na nithe seo a leanas le feiceáil:

  • Na céimeanna ar fad a bhaineann le folúsleasú a dhéanamh i gceart

1. Sula dtosaíonn tú ar shubha a dhéanamh
2. Rogha na gcomhábhar
3. Seiceáil agus glanadh na crúscaí agus na claibíní
4. Conas na crúscaí a líonadh
5. Conas an folús a chruthú: paistéaradh
6. Scrúdú agus leasú

  • Treoir maidir leis na siombailí a thaispeántar ar na pacáistí

 

Na céimeanna ar fad a bhaineann le folúsleasú a dhéanamh i gceart

1)  Cuir eolas ar na bunrialacha sula dtosaíonn tú ar shubha a dhéanamh

Tá ceithre cinn de bhunrialacha nach mór a leanúint sula dtosaíonn tú ar do chuid subh a dhéanamh le crúscaí Fido. 

  • Ní chóir na claibíní a úsáid ach uair amháin chun an folús a chruthú i gceart.
  • Ní gá duit na crúscaí a steiriliú sula n-úsáidtear iad. Nuair a chuireann tú bia nó deoch sna crúscaí nó sna buidéil, bí cinnte nach bhfuil sé ró-the ná ró-fhuar i gcomparáid le teocht an chrúsca, nó d’fhéadfadh an crúsca a bhriseadh (an t-uasmhéid difríochta sa teocht: 42° C).
  • Ní féidir paistéaradh a dhéanamh i ngnáthoigheann ná in oigheann micreathonnach.
  • Ní mholtar na séalaí agus iad i dteagmháil le substaintí ina bhfuil 100% saill.

2) Rogha na gcomhábhar

Ba chóir go mbeadh na torthaí agus na glasraí, arbh fhearr gur cinn orgánacha iad, úr agus iad ag an staid aibíochta ceart (gan a bheith ró-aibí ná ró-neamhaibí).

Nigh go han-chúramach i gcónaí iad.Cuir do chuid comhábhar isteach in uisce ina bhfuil sú líomóide chun nach dtiocfaidh dath donn orthu ó bheith i dteagmháil leis an aer agus chun an baol ó éilliú baictéarach a laghdú.

Chun glasraí a leasú ar bhealach sábháilte, ba chóir duit iad a bhruith in uisce goirt ina bhfuil fínéagar mar scriosfaidh sé sin formhór na mbaictéar a bhíonn ar ghlasraí go nádúrtha.

3) Na crúscaí agus na séalaí a sheiceáil agus a ghlanadh

Seiceáil i gcónaí nach bhfuil ciumhaiseanna na gcrúscaí scealptha sula n-úsáideann tú iad, mar, más amhlaidh atá, ní féidir iad a úsáid.Nigh na crúscaí le huisce te agus déan iad a bhruith sula n-úsáideann tú iad lena chinntiú go scriostar aon bhaictéir atá orthu.

  • Cuir isteach iad i sáspan le tóin tiubh agus béal an chrúsca iompaithe suas
  • Cuir éadach soithí ar íochtar an tsáspain agus cuir éadach soithí timpeall ar gach crúsca chun iad a chosc ó bhualadh in aghaidh a chéile agus briseadh le linn na cócarála
  • Clúdaigh go hiomlán le huisce te iad agus cuir an t-uisce ar fiuchadh.
  • Bruith na crúscaí ar feadh 10 nóiméad ar a laghad.
  • Glan na séalaí de láimh le huisce te. Ná húsáid glantach agus ná cuir sa mhiasniteoir iad. Ní gá iad a bhruith sula n-úsáidtear iad

NB: ní chuireann aon ocsaídiú ar an tsreang mhiotail (a d’fhéadfadh tarlú mar ghnáth-imoibriú nuair a bhíonn an fáinne fliuch i dteagmháil leis an aer) as d’fheidhmiúlacht an chrúsca ná don phróiseas paistéartha.

4) Conas na crúscaí Fido a líonadh

  • Líon na crúscaí le d’ullmhóid (suas le 2 cm ón mbarr, 1 cm i gcás crúscaí a bhfuil toilleadh 20 cl nó níos lú iontu).
  • Má tá comhábhair mhionghearrtha nó iomlána á gcur sna crúscaí agat, déan iad a chur isteach gan iad a bhrú síos chun na bearnaí a laghdú agus ansin clúdaigh go hiomlán iad leis an leacht leasaithe is rogha leat.
  • Má tá aon bholgáin aeir ann, lig amach iad agus an ullmhóid á bhrú síos go héadrom le spúnóg agat.
  • Sula ndúnann tú crúscaí Fido, glan na ciumhaiseanna go cúramach arís, ionas go dtéann an claibín go docht ar an gcrúsca.
  • Seiceáil go bhfuil an séala ionsáite sa chaipín mar is ceart agus dún é leis an dúnadh miotail cuí.

NB: Chun briseadh a sheachaint, ná leag crúscaí teo ar dhromchla fuar amhail marmar nó miotal, is fearr iad a leagan ar sheilf adhmaid. Déan na crúscaí a láimhseáil agus miotóga á gcaitheamh agat chun dó nó scalladh a sheachaint.

5) Conas an folús a chruthú: paistéaradh

Bealach chun bia a leasú ar feadh tréimhse níos faide is ea folúsleasú mar go scriostar na miocrorgánaigh sin a iomadaíonn san aer.

  • Cuir isteach iad i sáspan le tóin tiubh agus béal an chrúsca iompaithe suas
  • Cuir éadach soithí ar íochtar an tsáspain agus cuir éadach soithí timpeall ar gach crúsca chun iad a chosc ó bhualadh in aghaidh a chéile agus briseadh le linn na cócarála
  • Clúdaigh go hiomlán le huisce te iad agus cuir an t-uisce ar fiuchadh.
  • A luaithe agus a bhíonn an t-uisce ag fiuchadh, dún an sáspan leis an gclúdach agus déan é a chócaráil ar feadh an ama atá léirithe san oideas. Ní mór go mbeadh crúscaí Fido clúdaithe le huisce an t-am ar fad, mar sin cuir isteach breis uisce chun an leibhéal tosaigh a choinneáil más gá. Ag deireadh an phróisis, lig do na crúscaí fuarú san uisce sa sáspan.
  • Molaimid go ndéanfá na crúscaí a láimhseáil agus miotóga á gcaitheamh agat chun dó nó scalladh a sheachaint.

6) Scrúdú agus leasú

D’fhéadfá seiceáail go bhfuil folús cruthaithe as iarracht a dhéanamh an crúca miotail a oscailt: Má fhanann an claibín “greamaithe” go docht leis an gcrúsca, d’éirigh leis an bhfolús.  Mura ngreamaíonn an claibín go docht leis an gcrúsca, beidh ort an próiseas paistéartha a chur i gcrích arís le séala nua.Seiceáil go bhfuil an folús cruthaithe agus a luaithe agus atá na crúscaí fuaraithe, leag in áit fhionnuar thirim iad, áit nach bhfuil an ghrian ag soilsiú go díreach orthu (uasteocht: 23° C).

Ná bog an claibín agus ná cuir na crúscaí os cionn a chéile mar go bhféadfaí damáiste a dhéanamh don séala agus go sceithfeadh aer isteach agus go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar leasú an táirge.

Cuir lipéad ar gach crúsca Fido a léiríonn an dáta agus a bhfuil ann. Fan ar feadh seasca lá ar a laghad sula n-osclaíonn tú an crúsca agus sula mblaiseann tú an subh lena chinntiú go bhfuil an méid atá ann leasaithe i gceart.

Sula n-osclaíonn tú an crúsca, ná déan dearmad ar é a sheiceáil go bhfuil an folús ann as é a chinntiú go bhfuil an gaiscéad fós “greamaithe” leis an gcrúsca. Chun é a oscailt tarraing teanga an tséala chun aer a ligean isteach sa chrúsca.Tar éis iad a oscailt, coimeád na crúscaí dúnta sa chuisneoir.

 

Treoir maidir leis na siombailí a bhaineann le ceartúsáid an táirge

Úsáidimid roinnt siombailí ar an bpacáistiú díolacháin agus ar ár suíomh gréasáin chun ceartúsáid an táirge a léiriú.  Tá treoir chuimsitheach curtha san áireamh againn thíos.

 

Nigh an táirge sula n-úsáideann tú é

 

Nigh an séala de láimh gan ghlantach

 

Is féidir an crúsca a ní sa mhiasniteoir

 

Níor chóir an claibín a ghlanadh sa mhiasniteoir

 

Is féidir an crúsca a úsáid in oigheann micreathonnach ina bhfuil uasteocht 70°C- 158° F

 

Níor chóir an séala agus an fainne miotail a chur sa micreathonnach

  

Tá crúscaí ina bhfuil toilleadh 12.5 cl (4 ¼ unsa), 20 cl (6 ¾ unsa) agus 35 cl (11 ¾ unsa) oiriúnach le húsáid i reoiteoir ina bhfuil uasteocht -20°C  -4° F